agus
(Conj Coord)

D'amharc Jimmy ar na teidil a bhí ag teacht agus ag imeacht ón scannán roimh nuacht a naoi a chlog. 🔊

Bhain súimín beag as an phionta a bhí roimhe agus smaointigh ar an léirscrios a bheadh ina dhiaidh sa bhaile. 🔊

Chuirfeadh John, an duine ba shine acu, gasúr crua cadránta i gceann a cheithre mbliana, chuirfeadh ina héadan go deireadh, go mbeadh fáinní dearga na súile aige ar mhéad is a chuimil leis an tuirse iad. 🔊

Mhothaigh Jimmy i gcónaí ciontach nuair a chuaigh a dh'ól lena chomrádaithe tráthnóna hAoine nuair a bheadh obair na seachtaine déanta acu; agus ba mhíle ba mheasa é ó tháinig an cúpla ar an tsaol mhí ó shin. 🔊

Bhí a choinsias ag cur isteach chomh mór sin air is nach raibh pléisiúr laghad aige san oilithreacht sheachtainiúil go tobar Bhacais lena chomrádaithe. 🔊

Gan fiú a chairde féin nach dtug "fear ólta sú" air a mhéad is a chloígh leis an mheasarthacht i ngnoithe ólacháin. 🔊

Agus leis an fhírinne a dhéanamh, bhí oiread dúil sa chraic agus sa chuideachta aige is a bhí aige i gcaitheamh siar pointaí. 🔊

Bhí oibrithe amach ina intinn aige go raibh am aige le cur eile a chur ar clár agus ansin go dtiocfadh leis slán a fhágáil ag an chuideachta agus a bhealach a dhéanamh a fhad leis an Jasmine Palace, áit a dtiocfadh leis curaí a fháil féin agus chop suey do Sarah, cuid eile de dheasghnátha na hAoine. 🔊

Tháinig aoibh ar bhéal Jimmy agus chlaon a cheann mar fhreagra. 🔊

B'éigean do Jimmy tarrtháil a thabhairt air agus geallstan don gaffer go gcoinneodh ag gabháil mar ba cheart é. 🔊

Rinne Jimmy cuntas ina intinn ar an deoch a bhí le fáil aige agus tharraing ar an bheár. 🔊

Bhí Micí, an freastalaí, ansin roimhe agus é ag éisteacht leis na pótairí a bhíina suí ag an bheár, b'fhíor . 🔊

D'aithin na haghaidheanna uilig agus thug dear go suíodh achan mhac máthar acu ar an stól chéanna gan teip. 🔊

Chuaigh a smaointiú ar an tsaol a chaithfeadh bheith acu sa bhaile; raibh a fhios aige cad é mar a thiocfadh leo suí ansin uair i ndiaidh uaire is gan scrupall coinsiasa ar bith orthu. 🔊

Bhí Sarah agus na páistí aige; bhí, agus teach deas seascair. 🔊

Bhain bunús bliana as deis a chur ar a theach, ag obair ag deireadh na seachtaine agus achan oíche, amach ó oíche Aoine, ar ndóigh. 🔊

Ach ba é Sarah a rinne biale de, na cuirtíní a rinne as fuílleach éadaigh a cheannaigh ag aonach na hAoine, na cathaoireacha nach dtug ach deich bpunt orthu i ujumble agus ar chuir snas úr orthu. 🔊

Anois, agus é ag fanacht lena sheal ag an bheár, b'fhada le Jimmy go dtaradh oíche Shathairn nuair a bheadh féin agus Sarah ábalta teannadh lena chéile ar an tolg ag amharc ar video agus buidéal beag fíona acu. 🔊

"Seacht bpionta Guinness agus ceann beag, le do thoil, a Mhicí." 🔊

"Gabh mo leithscéal, a Mhicí, dean phionta agus ceann beag de sin, murar miste leat." 🔊

Thug caint Mhicí mothú ciontach chun tosaigh in intinn Jimmy, gur mhaith a bhí a fhios aige gurbh iad Elizabeth agus Margaret na páistí ab fhearr a cuireadh chun tsaoil riamh. 🔊

Anois, b'fhada le Jimmy go dtógadh iad, duine ar achan lámh, agus go dteannadh lena chroí iad agus go dtéadh a cheol daofa agus éisteacht leo ag plobaireacht. 🔊

Chuir Micí dhá losaid fána lán gloiní ar an chuntar agus thug Jimmy chun table dheifir iad. 🔊

Chaith siad deireadh a phionta, d'fhág slán ag an chuideachta agus rinne a bhealach a fhad le biatheach na Síneach. 🔊

Amuigh ar an tsráid, agus ceo na Samhna thart air, raibh in Jimmy ach duine gan ainm. 🔊

Thiontaigh aníos coiléar a chasóige agus shiúil na cúpla céad slat a thug a fhad leis an Jasmine Palace é. 🔊

Istigh ansin bhí an t-aer trom le boladh spíosraí agus teas bealaithe. 🔊

Bhí triúr ceathrar de dhéagóirí istigh roimhe agus iad ar meisce ar fíon úll. 🔊

Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊

Bunús na bhfear, bhíonn ag cur bhuartha orthu ach iad féin agus na cairde agus a gcuid piontaí." 🔊

raibh ruin aige an tseanchuimhne nimhneach sin a mhúscailt i gceann Liz - an stócach a bhí seal i ngrá léi agus a d'fhág ina dhiaidh sin í nuair a theann an saol go crua orthu. 🔊

Bhí tost míshuaimhneach eatarthu agus bhí Jimmy sásta nuair a tháinig duine de na stócaigh óga chuige ag iarraidh mionairgead briste ar bith a bheadh na pócaí aige. 🔊

Thug Jimmy traidhfil airgead rua agus boinn chúig pingine . 🔊

Rinne gnúsachtach mar bhuíochas, phill ar a chairde agus d'fhógair daofa go raibh a sáith airgid anois acu le hiasc agus sceallóga a cheannach, agus tobán beag curaí lena chois. 🔊

Rinneadh foscladh ar an chomhla bheag sa bhalla ar chúl an chuntair, agus cuireadh mála bia agus ticéad amach. 🔊

"Seo duit, a Jimmy, oíche mhaith agus slán abhaile." 🔊

Chlaon Jimmy a cheann mar fhreagra, thóg an mála donn agus d'fhoscail doras trom na sráide. 🔊

Chuaigh a smaointiú ar an chraos tine a bheadh sa teallach roimhe, agus ar an phláta agus an fhorc a bheadh réidh ag Sarah agus í ag súil leis na bhaile. 🔊

Ba mhian leis luí aici agus inse di cad é chomh sona sásta is a bhí le linn iad bheith le chéile. 🔊

Chóir a bheith go dtiocfadh leis a boladh a chur, ach a Dhia, chomh mór agus ba mhaith leis a lámha a chur thart uirthi agus luí aici. 🔊

fhaca an splan solais, ach ar an tsaol seo dáiríre, scaoil stócach a raibh caint b aghraiflí aige an mhuintir a bhí sa teach itheacháin, scaoil urchar a shíob leath an chloiginn de Jimmy agus a d'fhág ina luí ar an tsráid reoite é. Bhí an fhuil ag púscadh ar an talamh fhuar liath agus ag meascadh lena raibh sna boscaí aluminium. 🔊

Frequency index

Alphabetical index